Written answers
Wednesday, 29 April 2009
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
An Teanga Ghaeilge
9:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 98: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfoilseofar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge agus an Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge sa Ghaeltacht roimh Shos Samhraidh na Dála; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16723/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá dréacht den Straitéis 20 bliain don Ghaeilge faighte agam agus tá sé á mheas faoi láthair ag mo Roinn fein agus ag Ranna Stát eile a mbeidh sé de fhreagracht orthu í a chur i bhfeidhm. Beidh an Straitéis agus an Plean don Ghaeilge sa Ghaeltacht le plé ag an gCoiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sula gcuirfear os comhair an Rialtais iad. Táthar ag súil leis go nglacfar na céimeanna cuí chuige sin go luath.
No comments