Written answers
Wednesday, 29 April 2009
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Reachtaíocht atá geallta
9:00 pm
Jan O'Sullivan (Limerick East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 86: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén obair atá déanta ar an mBille um Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16713/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Faoi mar is eol don Teachta, rinneadh athbreithniú cuimsitheach ar chumhachtaí agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta i 2006. Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe, iarradh aighneachtaí ón bpobal agus rinneadh anailís neamhspleách orthu. Tá toradh na hoibre sin le feiceáil ar shuíomh idirlín mo Roinne ag www.pobail.ie
I láthair na huaire, tá an cheist maidir le cumhachtaí agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta á meas i gcomhthéacs mholtaí an Staidéir Theangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Gaeltacht agus obair an Choiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.
No comments