Written answers
Thursday, 29 January 2009
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Iocaíochtaí Deontas
4:00 pm
Jan O'Sullivan (Limerick East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 20: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén plean atá aige i leith na n-eagraíochtaí deonacha Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2569/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Cuirtear bunmhaoiniú do 19 eagras deonach Gaeilge ar fáil trí Fhoras na Gaeilge. Is trí Vóta mo Roinne féin agus tríd an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh a chuirtear an t-airgead sin ar fáil don bhForas d'fhonn an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileánda.
Chuir Foras na Gaeilge athbhreithniú ar bun le linn 2008 maidir leis na heagrais Ghaeilge atá á maoiniú acu le cinntiú go mbeidh an luach airgid is fearr le fáil sa todhchaí. Sa chomhthéacs seo, nótáladh ag an gcruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas ar 16 Eanáir 2009 go ndíreodh Plean Gnó Fhoras na Gaeilge do 2009 ar thosaíochtaí tábhachtacha Aireachta, ina measc go mbeadh an t-athbhreithniú ar na heagraíochtaí bunmhaoinithe Gaeilge curtha i gcrích go luath sa bhliain 2009.
Tuigfidh an Teachta go bhfuil sé ró-luath ag an bpointe seo réamhaithris a dhéanamh ar thorthaí an athbhreithnithe sin. Mar a dúirt mé cheana, tá éifeacht an chaiteachais phoiblí agus luach airgid maidir le spriocanna an Rialtais ó thaobh na Gaeilge a bhaint amach á gcoinneáil faoi bhreithniú agam.
No comments