Written answers
Thursday, 29 January 2009
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Caiteachas na Roinne
4:00 pm
Caoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 19: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na ciorruithe atá molta dá Roinn in 2009. [2752/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Is é oll-mheastachán caiteachais mo Roinne-se do 2009 ná €523.085m. Aontaíodh ar an bhfigiúr seo mar chuid de phróiseas na meastachán agus foilsíodh é in Imleabhar Meastachán na Cáinaisnéise i mí Dheireadh Fómhair 2008. Mar a thuigeann an Teachta, tá cinnithe deacra romhainn sna cúinsí eacnamaíochta ina bhfuilimid. Tá céimeanna áirithe á bhreithniú ag an Rialtas faoi láthair d'fhonn a chinntiú go mbeidh toradh fioscach críonna do 2009 agus go mbeidh bunús ann do chur chuige inbhuanaithe i ndáil leis an staid airgeadais reatha. Dá réir sin, ní féidir a rá ag an bpointe seo cén toradh a bheidh ar an bplé atá ar siúl ag an Rialtas faoin gceist seo. Beidh an tImleabhar Meastachán Athbhreithnithe á fhoilsiú ag an Aire Airgeadais i dtráth cuí.
Is féidir liom a chinntiú don Teachta, mar a chuireadh in iúl don Teach cheana, go mbeidh gach iarracht á dhéanamh agam chun a chinntiú go dtabharfar cosaint do na seirbhísí túslíne a chuirtear ar fáil ó mo Roinnse, nó a fhaigheann tacaíocht uaithi — go háirithe na seirbhísí sin atá dírithe ar riachtanais na bpobal is mó faoi mhíbhuntáiste.
No comments