Written answers

Wednesday, 5 November 2008

Department of Education and Science

Coláistí Samhraidh Gaeilge

10:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 356: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an dtuigeann sé an ghéarchéim i measc coláistí samhraidh Gaeilge de bharr deireadh a chur leis an liúntas ón Roinn a íoctar le gach dalta agus go bhfuil todhchaí cuid de na coláistí i gceist; agus an ndéanfaidh sé athmhachnamh ar an chinneadh agus leanúint le híoc an deontais. [38574/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

In ainneoin an mhéadaithe de €302 milliún atá sa bhuiséad oideachais do 2009, éacht nach beag agus an eacnamaíocht mar atá sé, ní raibh aon dul as ach roinnt cinntí crua, deacra a dhéanamh. Léiríodh na cinntí seo i measc na bhfógairtí Lá an Bhuiséid agus ina measc bhí cealú an deontais a bhí á íóc ag mo Roinnse do na coláistí samhraidh Gaeilge. B'é ráta an chúnamh deontais seo a cuireadh ar fáil ná tuairim is €50 in aghaidh gach mic léinn a bhí rollaithe ar chúrsa trí seachtaine i 2008, méid ab ionann is cuid bheag go leor den chostas foriomlán a ghabh le freastal ar an gcúrsa.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.