Written answers

Wednesday, 5 November 2008

Department of Education and Science

Clárú Múinteoirí

10:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 355: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an dtuigeann sé an dochar do chás na Gaeilge sa chóras oideachais de bharr an chinnidh atá déanta deireadh a chur leis an liúntas a íoctar le hoidí a oiltear thar lear, cad é costas na scéime gach bliain ó 2000 go dáta agus an ndéanfaidh sé athmhachnamh ar an scéim. [38573/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ní mór do dhaoine ar mhian leo bheith cláraithe mar mhúinteoirí sa tír seo iarraidh ar an gComhairle Múinteoireachta a gcáilíochtaí a aithint. Nuair atá na riachtanais go léir comhlíonta ag na hiarratasóirí, agus nuair atá a gcuid cáilíochtaí aitheanta ag an gComhairle Múinteoireachta, féadann iarratasóirí cur isteach ar aitheantas mar mhúinteoirí bunscoile nó iarbhunscoile.

Chun aitheantas iomlán a fháil mar mhúinteoir bunscoile sa tír seo ní mór do mhúinteoirí cúrsa oideachais do bhunmhúinteoirí a bheith críochnaithe go sásúil acu. Ina theannta sin, os rud é gur múinteoirí ranga, seachas múinteoirí ábhair aonair iad bunmhúinteoirí in Éirinn, ní mór dóibh bheith in ann gach gné den churaclam a mhúineadh, an Ghaeilge san áireamh. Dá réir sin, ní mór do mhúinteoirí atá aitheanta go hiomlán bheith cáilithe chun an raon iomlán d'ábhair bunscoile a mhúineadh do pháistí d'aois 4 go dtí 12 bliana.

Deonaítear tréimhse cúig bliana d'aitheantas sealadach chun múineadh i ranganna príomhshrutha i scoileanna naisiúnta do mhúinteoirí a chuaigh faoi oiliúint lasmuigh den Stát, nach bhfuil cailíocht chuí sa Ghaeilge acu. Le linn na tréimhse seo, bítear ag súil go bhfaighidh na múinteoirí seo a gcáilíocht sa Ghaeilge. Chun an riachtanas Gaeilge a chomhlíonadh ní mór do mhúinteoirí dá leithéid seo pas a fhail sa Scrúdú Cáilíochta sa Ghaeilge agus teastas a chur ar fáil gur chónaigh siad sa Ghaeltacht le linn dóibh bheith ag freastal ar chúrsa faofa trí seachtaine, nó ní mór dóibh tréimhse oiriúnaithe a chur isteach.

In ainneoin an mhéadaithe de €302 milliún atá sa bhuiséad oideachais do 2009, éacht nach beag agus an eacnamaíocht mar atá sé, ní raibh aon dul as ach roinnt cinntí crua, deacra a dhéanamh. Ina measc siúd, bhí an cinneadh gan leanúint leis an deontas a íoctaí do mhúinteoirí a chuaigh faoi oiliúint thar lear i leith freastail ar chúrsaí sa Ghaeltacht. B'íocaíocht aon uaire de €431 in aghaidh an mhúinteora a íoctaí mar dheontas le múinteoirí a chuaigh faoi oiliúint thar lear agus iad ag freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht. Ba cheart a nótáil gur ceadaithe do mhúinteoirí a bhfuil aitheantas sealadach acu múineadh le linn na tréimhse cúig bliana i ranganna príomhshrutha i scoileanna náisiúnta, agus gur íoctar iad ag an ráta is cuí do bhunmhúinteoirí atá cáilithe go hiomlán. Gabhfaidh coigilt de tuairim is €200,000 leis an mbeart seo ag na leibhéil reatha.

I 2007, chaith mo Roinnse €198,000 ar an deontas seo agus chaith sí €212,000 i 2006. Níl eolas ar chostas an deontais i ngach bliain ar leith ó 2000 go dtí 2005 ar fáil go héasca i mo Roinnse.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.