Written answers
Wednesday, 4 June 2008
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Cruthú Fostaíochta
10:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 294: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na tionscnaimh a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall le cúig bhliana anuas, cén fhostaíocht a cruthaíodh i ngach ceann acu agus cad iad na hiarrachtaí atá á ndéanamh faoi láthair breis fostaíochta a chruthú sa cheantar sin. [22140/08]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tugtar léargas cuimsitheach ar chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht i dTuarascáil Bhliantúil agus Cuntais Údarás na Gaeltachta a leagtar faoi bhráid Thithe an Oireachtais gach bliain agus a bhíonn ar fáil ar an suíomh idirlín www.udaras.ie
Dírím aird an Teachta chomh maith ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh 295 ar 13 Samhain 2007 agus ar an teolas cuimsitheach maidir le fostaíocht sa cheantar atá luaite ag an dTeachta, a thug an tÚdarás dó ar iarratas uaim i mí na Samhna 2007.
Mar atá curtha in iúl cheana, bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag Údarás na Gaeltachta chun deiseanna fostaíochta agus forbartha a chruthú i ngach ceantar Gaeltachta, ceantar Iardheisceart Dhún na nGall ina measc.
No comments