Written answers

Wednesday, 2 April 2008

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Forbairt Ollscolaíochta Gaeilge

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 615: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén tacaíocht atá á tabhairt d'fhorbairt na hOllscolaíochta Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12313/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar atá mínithe agam cheana sa Teach seo, tá ciste ar leith bunaithe agam chun maoiniú a chur ar fáil do shainchúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge. Tá an togra seo dírithe ar líon na gcéimithe le scileanna sonracha Gaeilge i réimsí ar leith a mhéadú, go mór-mhór i gcomhthéacs na Gaeilge a bheith mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach agus freisin i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Faoi dheireadh 2007, bhí tús curtha le 3 chúrsa faoin dtogra seo agus bhí 3 chúrsa eile á bhforbairt.

Maidir le forbairt Ollscolaíochta Gaeilge sa Ghaeltacht tá deontas ag leibhéal €2m sa bhliain ceadaithe do Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh chun cur ar a gcumas cúrsaí éagsúla ag leibhéal Dioplóma, Céime agus Máistreacht a chur ar fáil i 15 ábhar difriúil i n-ionaid éagsúla. Anuas ar seo glactar le iarratais ar dheontas faoi an scéim Áiseanna Pobail agus Caitheamh Aimsire ó institúid Oideachais i leith tograí infrastruchtúr a bheadh ar mhaithe leis an Teanga sa Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.