Written answers

Wednesday, 2 April 2008

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Labhairt na Gaeilge

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 614: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén tacaíocht atá á tabhairt do na heagraíochtaí spóirt, an IRFU ina measc, chun an Ghaeilge a chur chun cinn ag ócáidí spóirt na tíre; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12311/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tuigim ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil raon scéimeanna tacaíochta acu, ina measc cuid atá an-oiriúnach do grúpaí agus eagrais spóirt, m. sh. An Scéim Óige, Scéim na gCampaí Samhradh agus An Ghaeilge sa Phobal. Anuas ar sin, tá roinnt tograí ar siúl ag an bhForas i gcomhar le Cumann Lúthchleas Gael le blianta beaga anuas. Freisin, tá scéim píolótach á reáchtáil i gcomhar leis an chlub sacar Gaillimh Aontaithe d'fhonn an Ghaeilge a chur chun cinn i measc lucht leanúna an chlub agus i measc mórphobal na Gaillimhe. Mar chuid den scéim áirithe sin, ardaíodh próifíl na Gaeilge ag cluichí, i bhfógraí poiblí agus i gcláir na cluichí. Chomh maith leis sin, eagraíodh comórtas i scoileanna na Gaillimhe i gcomhair leis an chlub. Ag éirí as an scéim phíolótach rathúil seo, tuigim go bhfuil plé an-dearfach ar bun leis an FAI maidir leis an scéim seo a leathnú go clubanna eile sa léig.

Is fiú a lua gur scaipeadh postaeirí agus 'bag tags' ar a raibh an téarmaíocht atá de dhíth le galf a imirt agus a phlé i nGaeilge nuair a bhí aird an phobail dírithe ar chúrsaí galf le linn an Ryder Cup, agus gur chuir Foras na Gaeilge an feachtas 'Níos Fearr ná Par' ar bun.

Tá an Foras lán-oscailte le chomh-thograí eile a chur sa tsiúl san earnáil spóirt agus bheadh fáilte roimh mholtaí agus iarratais ina leith sin ó aon eagraíocht spóirt eile.

I gcás na Gaeltachta, bíonn tacaíocht ar fáil ó mo Roinn féin trí scéimeanna éagsúla chun an Ghaeilge a bhuanú agus a láidriú trí spóirt. Mar shampla, tá Scéim Oiliúna Peile agus Iománaíochta á reáchtáil i gcomhairle le Comhairle Chonnachta agus Comhairle Uladh den Chumann Lúthchleas Gael. Chomh maith leis sin, tá Scéim na gCampaí Samhraidh ina nglactar le hiarratais ó ghrúpaí agus coistí áitiúla, chomh maith le eagraíochtaí eile ar nós an CLG, an FAI agus an IRFU. Anuas ar an gcúnamh seo, glactar le hiarratais faoi Scéim Áiseanna Pobail agus Caitheamh Aimsire mo Roinne ó eagraíochtaí spóirt d'fhorbairtí infrastruchtúr a théann chun tairbhe na Gaeilge agus an phobail.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.