Written answers
Wednesday, 5 December 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Oileáin Ghaeltachta
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 88: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na hiarrachtaí atá á ndéanamh le fostaíocht a chur ar fáil ar na hoileáin Ghaeltachta amach ó chósta Dhún na nGall; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [32549/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag Údarás na Gaeltachta chun deiseanna fostaíochta a chruthú i ngach ceantar Gaeltachta, na hoileáin Ghaeltachta amach ó chósta Dhún na nGall ina measc.
Cuireann an tÚdarás deontais reáchtála bliantúla ar fáil le struchtúr forbartha pobail a chinntiú d'Árainn Mhór agus Toraigh agus do Chomharchumann an nOileán Beag Teoranta (Ancaire), eagraíocht forbartha riaracháin do na hoileáin bheaga amach ó chósta Dhún na nGall. Ar ndóigh, cuidíonn gníomhaíochtaí na gcomharchumann le forbairtí eile a chur chun cinn sna hoileáin.
Aithním an tábhacht a bhaineann le hacmhainní nádúrtha na n-oileán, acmhainní mara agus turasóireachta san áireamh. Sa chomhthéacs sin, tá comh-mhaoiniú á dhéanamh ag mo Roinn agus Fáilte Éireann ar thionscnamh chun straitéis turasóireachta do na hoileáin uile, idir Ghaeltachta agus neamh-Ghaeltachta, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
Anuas ar sin, le blianta beaga anuas tá airgead suntasach caite ag mo Roinn ar fhorbairt na gcéanna farantóireachta a fhreastalaíonn ar Árainn Mhór agus Toraigh agus ar na seirbhísí iompair chuig an dá oileán sin, chur chuige a chabhraíonn go díreach agus go hindíreach le fostaíocht a chruthú ar na hoileáin.
Is fiú a nótáil chomh maith go bhfaigheann Comhdháil Oileáin na hÉireann maoiniú ó mo Roinn chun an Clár LEADER, atá dírithe ar fhorbairt gheilleagar cheantair tuaithe, a sholáthar ar na hoileáin.
No comments