Written answers
Wednesday, 5 December 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
An Teanga Gaeilge
9:00 pm
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 85: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó scéim teanga atá aontaithe anois faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [32619/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá 70 scéim teanga a chlúdaíonn 128 comhlacht poiblí daingnithe agam anois agus foilsithe. Ta na scéimeanna seo uile ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisinéara Teanga, www.coimisineir.ie. Sa bhreis ar sin, tá fógra seolta agam chuig os cionn 50 gcomhlacht poiblí eile ag iarraidh orthu dréacht-scéim teanga a ullmhú agus a sheoladh chugam le daingniú. Tá oifigigh mo Roinne ag plé leis na comhlachtaí sin faoi láthair.
No comments