Written answers
Thursday, 29 November 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Forbairt na Gaeilge
5:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 105: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta faoi fhorbairt an phlean straitéisigh i leith fás a chothú in úsáid na Gaeilge agus sa dátheangachas a bheidh mar ardphlean cuimsitheach chun úsáid na Gaeilge a fhorbairt i ngach ceantar baile agus tuaithe in Éirinn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31724/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar atá tugtha le fios agam don Teach cheana, d'fhoilsigh an Rialtas Ráiteas i leith na Gaeilge i mí na Nollag 2006. Tá sé leagtha amach sa Ráiteas sin go n-ullmhófar Straitéis 20 bliain don Ghaeilge bunaithe ar na spriocanna atá luaite sa Ráiteas. Tá i gceist go mbeadh an Ráiteas mar bhun-chloch do chéimeanna praiticiúla chun tacú leis, agus chun forbairt a dhéanamh ar, an nGaeilge, bunaithe ar chur chuige nua-aimsire. Tá mo Roinnse faoi láthair i mbun próiseas earcaíochta le comhairleoirí a fhostú d'fhonn cuidiú le hullmhú na Straitéise. Tá i gceist go rachfar i gcomhairle le pobal na tíre mar dhlúth-chuid den phróiseas agus go reáchtálfar sraith chruinnithe poiblí i gcodanna éagsúla den tír. Tá súil agam go gceapfar comhairleoirí roimh dheireadh na bliana seo agus go mbeidh an Straitéis féin ullamh roimh dheireadh na bliana 2008.
No comments