Written answers
Thursday, 29 November 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Comhairliúcháin Phoiblí
5:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 104: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí a thosnú don scéim nua faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31723/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar eolas don Teachta, cuireadh tús le céad Scéim na Roinne ar an 22ú Meán Fómhair 2004 le bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse de 3 bliana ón dáta sin nó go dtí go mbeidh scéim nua deimhnithe de bhua Alt 15 den Acht, cibé acu is túisce.
Mar thús ar réiteach na scéime nua, rinne an Roinn athbhreithniú níos luaithe i mbliana ar an dul chun cinn a bhí déanta ó thaobh comhlíonadh na dtiomantas sa chéad scéim. Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil tús curtha ag mo Roinn le réiteach scéim nua faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus go mbeidh fógra sna meáin go luath ag lorg aighneachtaí ón bpobal ina leith.
No comments