Written answers

Thursday, 27 September 2007

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Íocaíochtaí Deontas

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 39: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na deontais a ceadaíodh do chomhlachtaí (sonraí tugtha) go dtí seo; an méid de na deontais a íocadh go dáta; an gaol idir an dá chomhlacht; an méid oibrithe a bhí fostaithe acu; an bhfuil éinne fostaithe faoi láthair; an bhfuil aon iarratas ar dheontais bhreise á mheas faoi láthair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20920/07]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ag deireadh 2002 bhí 36 duine fostaithe go lánaimseartha ag an gcéad comhlacht atá luaite ag an Teachta (Comhlacht 1) agus bhí 30 fostaithe go lánaimseartha agus 15 fostaithe go páirtaimseartha ag deireadh 2003. Ceapadh leachtaitheoir i Meitheamh 2004 agus chuaigh an comhlacht as gnó an bhliain sin. Tá sé leachtaithe go hiomlán ó 6 Meitheamh 2007 agus níl aon iarratas ar chúnamh ar láimh ag Údarás na Gaeltachta dá réir.

Tar éis do Chomhlacht 1 dul as gnó i 2004, tuigtear dom ón Údarás gur bhunaigh grúpa de sholáthróirí an chomhlachta gnó nua (Comhlacht 2), sé sin, an dara chomhlacht atá luaite ag an Teachta sa Cheist. Chomh maith leis sin bhunaigh príomhaí amháin agus iarfhostaithe ó Chomhlacht 1 comharchumann nua (ar a dtugtar Comhlacht 3 sa bhfreagra seo) le haghaidh seirbhísí bainistíochta agus gnó a sholáthar do Chomhlacht 2.

Bhí 24 duine fostaithe ag deireadh 2006 ag Comhlacht 2 agus 3 mar chomhfhiontar, 14 go lánaimseartha agus 10 go páirtaimseartha. Tá an gnó sin dúnta anois agus níl aon fhostaí ann. Ceapadh leachtaitheoir ar an dá chomhlacht seo i mbliana ach níl an leachtú críochnaithe fós. Níl aon iarratas ar chúnamh ar láimh ag Údarás na Gaeltachta ó cheachtar den dá chomhlacht.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gurb iad seo a leanas na sonraí maidir leis an gcúnamh atá ceadaithe agus íoctha don trí chomhlacht seo:

Comhlacht 1Comhlacht 2 agus 3
CeadaitheÍocthaFuílleachCeadaitheÍocthaFuílleach
Deontais Fhostaíochta380,000345,00035,000190,000145,00045,000
Deontais Oiliúna45,00035,3249,676
Scaireanna250,000250,000

Tuigim gur faoi chomhaontú deontais amháin idir an tÚdarás agus Comhlachtaí 2 agus 3 a híocadh an tsuim €145,000 atá luaite sa tábla. Rinneadh aisghairm deontais i gcoinne an dá chomhlachta sin le chéile freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.