Written answers

Thursday, 27 September 2007

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Buiséad na Roinne

5:00 pm

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 7: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé mhéid airgid a tháinig óna Roinn a caitheadh i ngach ceann de na Gaeltachtaí in 2006; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20996/07]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Glacaim leis go bhfuil Ceist an Teachta dírithe ar an soláthar atá sonraithe i Vóta mo Roinne ar mhaithe le forbairt na Gaeltachta, ar a n-áirítear na hoileáin Ghaeltachta, mar aon le caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga phobail inti.

Faoi scéimeanna mo Roinne, bíonn deontais chaipitil ar fáil sa Ghaeltacht chun

tograí infrastruchtúir ar nós bóithre agus muiroibreacha a fhorbairt;

tithe a thógáil nó a fheabhsú; agus

áiseanna ar nós hallaí pobail agus páirceanna imeartha a chur ar fáil nó a fheabhsú.

Anuas ar sin, cuirtear deontais reatha ar fáil d'eagraíochtaí atá ag obair ar mhaithe le buanú na Gaeilge sa Ghaeltacht, chomh maith le cúnamh a thabhairt i leith imeachtaí cultúrtha ina bhfuil ról lárnach ag an nGaeilge nó a rachaidh chun tairbhe na Gaeilge agus do shaol cultúrtha agus sóisialach na gceantair Ghaeltachta. Ina theannta sin, bíonn airgead reatha ar fáil chun tacú le soláthar seirbhísí iompair chuig oileáin Ghaeltachta.

Suim thart ar €43.6m a caitheadh san iomlán faoi na scéimeanna réamhráite sin sa bhliain 2006 agus tá sonraí faoin gcaiteachas sin de réir contae agus de réir na bhfo-mhíreanna cuí den Vóta (D, F, G agus H) leagtha amach sna Táblaí leis seo, a chuirfear timpeall sa Tuiarisc Oifigiúil.

Chomh maith leis sin, ar ndóigh, cuireadh soláthar iomlán €42.776m ar fáil d'Údarás na Gaeltachta i 2006 ó Fho-mhír I de Vóta mo Roinne — €15.776m a caitheadh ar imeachtaí reatha agus riarachán agus €27m a caitheadh ar thograí caipitil agus deontais do thionscail. Anuas ar sin, d'íoc mo Roinn €214,000 leis an Údarás i leith riaradh na Scéimeanna Sóisialta Tuaithe sa Ghaeltacht agus €739,000 i leith chomhtháthú eagraíochtaí pobail. Tá briseadh síos ar chaiteachas Údarás na Gaeltachta ar fáil i dTuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2006 na heagraíochta, a foilsíodh le déanaí agus atá ar fáil ar www.udaras.ie.

TÁBLAÍ: Caiteachas ó Vóta na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (fo-mhíreanna D, F, G agus H) sa Ghaeltacht, ar a n-áirítear na hoileáin Ghaeltachta, i 2006.

Tábla 1: Áiseanna Pobail, Tithíocht, Gníomhaíochtaí Teanga agus Cultúrtha
ContaeÁiseanna Pobail agus Tithíocht Fo-mhíreanna G.4 agus D (caipiteal)Gníomhaíochtaí Teanga agus Cultúrtha Fo-mhíreanna F.1, F.2 agus F.3Iomlán
Dún na nGall1,016,1512,060,3603,076,511
Maigh Eo504,065548,8621,052,927
Gaillimh3,399,7974,969,1638,368,960
Ciarraí373,1161,076,7901,449,906
Corcaigh548,219417,484965,703
Port Láirge45,029274,906319,935
An Mhí62,263122,069184,332
Iomlán5,948,6409,469,63415,418,274
Fo-mhír G.4: Áiseanna pobail agus caithimh aimsire
Fo-mhír D: Deontais faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht)
Fo-mhír F.1: Scéim Labhairt na Gaeilge
Fo-mhír F.2: Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge
Fo-mhír F.3: Imeachtaí cultúrtha ilghnéitheacha
Nóta: Tá airgead áirithe eile nach bhfuil san áireamh sa Tábla thuas de bharr nach mbaineann sé le haon chontae ar leith, e.g. Feachtas Feasachta (€418,870) agus an Staidéar Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (€165,066).
Tábla 2: Oileáin (Caipitil) agus Infrastruchtúr Gaeltachta
ContaeOileáin Fo-mhír H (caipiteal)Infrastruchtúr Gaeltachta Fo-mhíreanna G.1, G.2 agus G.3Iomlán
Dún na nGall457,6095,670,8676,128,476
Maigh Eo361,8433,885,0344,246,877
Gaillimh2,378,1118,650,49311,028,604
Ciarraí3,125,6113,125,611
Corcaigh86,299112,493198,792
Port Láirge252,824252,824
An Mhí198,935198,935
Iomlán3,283,86221,896,25725,180,119
Fo-mhír H: Clár Oileánda (caipiteal)
Fo-mhír G.1: Bóithre Áise, Portaigh, Straitéiseacha agus Athnuachan Baile
Fo-mhír G.2: Uisce agus Séarachas
Fo-mhír G.3: Céanna (Beaga agus Straitéiseacha)
Tábla 3: Oileáin (Reatha) — Seirbhísí Iompair
ContaeOileáin Fo-mhír H (reatha)
Dún na nGall369,386
Maigh Eo19,816
Gaillimh2,498,151
Corcaigh104,126
Iomlán2,991,482

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.