Written answers
Thursday, 27 September 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Buiséad na Roinne
5:00 pm
Jan O'Sullivan (Limerick East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 7: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé mhéid airgid a tháinig óna Roinn a caitheadh i ngach ceann de na Gaeltachtaí in 2006; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20996/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Glacaim leis go bhfuil Ceist an Teachta dírithe ar an soláthar atá sonraithe i Vóta mo Roinne ar mhaithe le forbairt na Gaeltachta, ar a n-áirítear na hoileáin Ghaeltachta, mar aon le caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga phobail inti.
Faoi scéimeanna mo Roinne, bíonn deontais chaipitil ar fáil sa Ghaeltacht chun
tograí infrastruchtúir ar nós bóithre agus muiroibreacha a fhorbairt;
tithe a thógáil nó a fheabhsú; agus
áiseanna ar nós hallaí pobail agus páirceanna imeartha a chur ar fáil nó a fheabhsú.
Anuas ar sin, cuirtear deontais reatha ar fáil d'eagraíochtaí atá ag obair ar mhaithe le buanú na Gaeilge sa Ghaeltacht, chomh maith le cúnamh a thabhairt i leith imeachtaí cultúrtha ina bhfuil ról lárnach ag an nGaeilge nó a rachaidh chun tairbhe na Gaeilge agus do shaol cultúrtha agus sóisialach na gceantair Ghaeltachta. Ina theannta sin, bíonn airgead reatha ar fáil chun tacú le soláthar seirbhísí iompair chuig oileáin Ghaeltachta.
Suim thart ar €43.6m a caitheadh san iomlán faoi na scéimeanna réamhráite sin sa bhliain 2006 agus tá sonraí faoin gcaiteachas sin de réir contae agus de réir na bhfo-mhíreanna cuí den Vóta (D, F, G agus H) leagtha amach sna Táblaí leis seo, a chuirfear timpeall sa Tuiarisc Oifigiúil.
Chomh maith leis sin, ar ndóigh, cuireadh soláthar iomlán €42.776m ar fáil d'Údarás na Gaeltachta i 2006 ó Fho-mhír I de Vóta mo Roinne — €15.776m a caitheadh ar imeachtaí reatha agus riarachán agus €27m a caitheadh ar thograí caipitil agus deontais do thionscail. Anuas ar sin, d'íoc mo Roinn €214,000 leis an Údarás i leith riaradh na Scéimeanna Sóisialta Tuaithe sa Ghaeltacht agus €739,000 i leith chomhtháthú eagraíochtaí pobail. Tá briseadh síos ar chaiteachas Údarás na Gaeltachta ar fáil i dTuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2006 na heagraíochta, a foilsíodh le déanaí agus atá ar fáil ar www.udaras.ie.
TÁBLAÍ: Caiteachas ó Vóta na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (fo-mhíreanna D, F, G agus H) sa Ghaeltacht, ar a n-áirítear na hoileáin Ghaeltachta, i 2006.
Tábla 1: Áiseanna Pobail, Tithíocht, Gníomhaíochtaí Teanga agus Cultúrtha | |||
Contae | Áiseanna Pobail agus Tithíocht Fo-mhíreanna G.4 agus D (caipiteal) | Gníomhaíochtaí Teanga agus Cultúrtha Fo-mhíreanna F.1, F.2 agus F.3 | Iomlán |
€ | € | € | |
Dún na nGall | 1,016,151 | 2,060,360 | 3,076,511 |
Maigh Eo | 504,065 | 548,862 | 1,052,927 |
Gaillimh | 3,399,797 | 4,969,163 | 8,368,960 |
Ciarraí | 373,116 | 1,076,790 | 1,449,906 |
Corcaigh | 548,219 | 417,484 | 965,703 |
Port Láirge | 45,029 | 274,906 | 319,935 |
An Mhí | 62,263 | 122,069 | 184,332 |
Iomlán | 5,948,640 | 9,469,634 | 15,418,274 |
Fo-mhír G.4: Áiseanna pobail agus caithimh aimsire | |||
Fo-mhír D: Deontais faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) | |||
Fo-mhír F.1: Scéim Labhairt na Gaeilge | |||
Fo-mhír F.2: Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge | |||
Fo-mhír F.3: Imeachtaí cultúrtha ilghnéitheacha | |||
Nóta: Tá airgead áirithe eile nach bhfuil san áireamh sa Tábla thuas de bharr nach mbaineann sé le haon chontae ar leith, e.g. Feachtas Feasachta (€418,870) agus an Staidéar Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (€165,066). |
Tábla 2: Oileáin (Caipitil) agus Infrastruchtúr Gaeltachta | |||
Contae | Oileáin Fo-mhír H (caipiteal) | Infrastruchtúr Gaeltachta Fo-mhíreanna G.1, G.2 agus G.3 | Iomlán |
€ | € | € | |
Dún na nGall | 457,609 | 5,670,867 | 6,128,476 |
Maigh Eo | 361,843 | 3,885,034 | 4,246,877 |
Gaillimh | 2,378,111 | 8,650,493 | 11,028,604 |
Ciarraí | — | 3,125,611 | 3,125,611 |
Corcaigh | 86,299 | 112,493 | 198,792 |
Port Láirge | — | 252,824 | 252,824 |
An Mhí | — | 198,935 | 198,935 |
Iomlán | 3,283,862 | 21,896,257 | 25,180,119 |
Fo-mhír H: Clár Oileánda (caipiteal) | |||
Fo-mhír G.1: Bóithre Áise, Portaigh, Straitéiseacha agus Athnuachan Baile | |||
Fo-mhír G.2: Uisce agus Séarachas | |||
Fo-mhír G.3: Céanna (Beaga agus Straitéiseacha) |
Tábla 3: Oileáin (Reatha) — Seirbhísí Iompair | |
Contae | Oileáin Fo-mhír H (reatha) |
€ | |
Dún na nGall | 369,386 |
Maigh Eo | 19,816 |
Gaillimh | 2,498,151 |
Corcaigh | 104,126 |
Iomlán | 2,991,482 |
No comments