Written answers
Tuesday, 24 April 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
An Teanga Ghaeilge
11:00 pm
Trevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context
Question 70: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfoilseoidh sé láithreach an Staidéar Teangeolaíochta Gaeltachta. [14987/07]
Trevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context
Question 82: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé na coinníollacha atá ann chun Gaeltacht agus Breac-Ghaeltacht a aithint. [14988/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá i gceist agam Ceisteanna Uimh. 70 agus 82 a thógáil le chéile.
Maidir leis an staidéar teangeolaíochta atá luaite ag an Teachta, faoi mar a chuir mé in iúl don Teach seo cheana, tá an obair ar an staidéar críochnaithe anois agus tuarascáil curtha ar fáil do mo Roinnse.
Mar is eol don Teachta, bhí an staidéar dírithe ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht mar bhunús chun:
forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú; agus
athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Gaeltachta.
Tá socruithe idir lámha chun an tuarascáil a chur faoi bhráid an Rialtais chomh luath agus is féidir agus tá súil agam go bhfoilseofar í ina dhiaidh sin.
Maidir le teorainneacha na Gaeltachta, tuigfidh an Teachta gur faoi Ordú na Limistéar (Gaeltacht) 1956 a aithníodh ceantair áirithe a bheith sa Ghaeltacht. Cuireadh leis na teorainneacha sin trí huaire ó shin trí orduithe éagsúla. Tá míniú mar a leanas tugtha sa réamhrá leis na hOrduithe sin ar an gcúis gur bronnadh aitheantas Gaeltachta orthu:
'De bhrí gur limistéir ar Gaeilgeoirí mórchuid de na daoine iontu nó limistéir ina n-aice sin ar dóigh leis an Rialtas gur cheart iad a áireamh sa Ghaeltacht d'fhonn an Ghaeilge a chaomhnú agus a leathnú mar ghnáthurlabhra na limistéar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo'.
Níl aon aitheantas tugtha do Bhreac-Ghaeltacht sna hOrduithe.
No comments