Written answers
Tuesday, 24 April 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Oileáin Mhara
11:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 69: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas ina Roinn maidir le hoibreacha ar Oileán Ghabhla; cad iad na hoibreacha atá i gceist agus an gceadóidh sé deontais ina leith. [14981/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá iarratas faighte ag mo Roinnse le déanaí ar chúnamh le haghaidh na hoibreacha seo a leanas a dhéanamh ar Ghabhla:
síneadh a chur le Cé Thrá na mBláithín, balla cosanta a thógáil ar chúl na cé agus soilse sábháilteachta a chur ar fáil;
síneadh a chur le Cé Phort a' Chrainn agus balla cosanta a thógáil ar a cúl;
dramhaíl a thabhairt as an oileán; agus,
bóithre ar an oileán a fheabhsú chun go mbeidís feiliúnach do shiúlóirí.
Tá na hiarratais seo á meas faoi láthair i gcomhthéacs an airgid a bheidh ar fáil dom le caitheamh ar fhorbairt oileán i 2007/2008 agus na n-éileamh éagsúil ar an airgead sin.
No comments