Written answers
Tuesday, 24 April 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Acht na dTeangacha Oifigiúla
11:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 68: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an gcreideann sé go bhfuil tábhacht mhór phoiblí le léarscáil Shuirbhéireacht an Ordanáis, faoi fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, Cuid 3, Alt 10 (e) agus Cuid 1, Alt 2; agus go bhfuil dualgas air dá réir impí ar an Aire Airgeadais an maoiniú cuí a chur ar fáil chun an léarscáil seo a bheith ar fáil sa dá theanga oifigiúla. [14964/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Ní fheictear dom go mbaineann na forálacha d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá luaite ag an dTeachta le léarscáileanna de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis. Dírím aird an Teachta, áfach, ar alt 34 den Acht sin.
Is fiú dom a lua freisin go bhfuil iarrtha agam ar Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann dréacht-scéim teanga faoin Acht a ullmhú agus a sheoladh chugam le daingniú. Is cinnte go dtiocfaidh méadú ar líon na seirbhísí i nGaeilge a bheidh á soláthar ag Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann de thoradh na scéime sin, nuair a bheidh sí i bhfeidhm.
No comments