Written answers
Tuesday, 24 April 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Acht na dTeangacha Oifigiúla
11:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 52: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó Scéim faoi Acht na dTeangacha atá glactha aige anois; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15019/07]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 720: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé tar éis dréacht-scéim a lorg ó na heagraíochtaí iomchuí de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. [15367/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 52 agus 720 le chéile.
Tá 50 scéim teanga, a chlúdaíonn 78 comhlacht poiblí — mo Roinn féin ina measc — daingnithe agam anois agus iad foilsithe. Tá gach ceann de na scéimeanna sin ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisinéir Teanga, www.coimisineir.ie. Lena chois sin, tá 68 dréacht-scéim eile, a chlúdaíonn 126 comhlacht poiblí, á n-ullmhú faoi láthair agus tá mo Roinnse ag plé leis na comhlachtaí poiblí atá i gceist d'fhonn an próiseas i ndáil leis na scéimeanna sin a chríochnú a luaithe agus is féidir.
No comments