Written answers
Tuesday, 24 April 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Foclóir Gaeilge-Béarla
11:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 51: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta leis an bhfoclóir leictreonach Gaeilge-Béarla. [15018/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tuigim ó Fhoras na Gaeilge gur ceapadh Bainisteoir Tionscadail i mí Feabhra agus go bhfuiltear ag obair go dícheallach ó shin chun an próiseas tairisceana do Chéim a Dó den tionscadal foclóra, mar aon leis na socruithe gaolmhara eile is gá a dhéanamh, a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, tuigim go mbeidh post mar Eagarthóir Foclóireachta á fhógairt i gceann cúpla seachtain.
I measc na ngníomhartha eile atá beartaithe taobh istigh d'achar gairid, tá:
Dhá chúrsa san fhoclóireacht dhátheangach, ceann i mBéal Feirste agus ceann i gCorcaigh.
Forbairt bhreise ar Chorpas Náisiúnta na hÉireann.
Painéal de phearsanra cáilithe a chur le chéile.
Ach na gníomhartha seo a bheith i gcrích, beifear in ann luí isteach ar thiomsú ábhar an Fhoclóra fein, idir an leagan leictreonach agus an leagan clóite.
Anuas air sin, tá socruithe á ndéanamh maidir le leagan leictreonach d'Fhoclóir Béarla-Gaeilge Uí Dhónaill, a bheidh in oiriúint do chóras oibriúcháin Windows, a chur ar fáil ar dhlúthdhiosca. Táthar ag súil go mbeidh an obair a bhainfidh leis sin i gcrích faoi dheireadh an tsamhraidh agus go mbeidh an diosca WinGléacht le fáil sna siopaí faoi dheireadh na bliana.
No comments