Written answers
Wednesday, 28 February 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Teanga Gaeilge
10:00 pm
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 127: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil scéim aige i leith theorainn na Gaeltachta, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [7709/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Níl aon scéim, per se, ag mo Roinnse chun athraithe a dhéanamh ar theorainn na Gaeltachta. Faoi mar atá curtha in iúl agam don Teach cheana féin, áfach, bhí mór-staidéar teangeolaíoch idir lámha le tamall anuas dírithe ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht mar bhunús chun:
forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú; agus
athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Ghaeltachta.
Tá an staidéar sin déanta anois agus á scagadh ag mo Roinnse faoi láthair. Níl aon chinneadh déanta maidir le moltaí an staidéir sin go fóill. Glacaim leis go mbeidh an tuarascáil le foilsiú i dtráth cuí agus beidh mé sásta cóipeanna a chur ar fáil i Leabharlann an Oireachtais ag an am sin.
No comments