Written answers

Thursday, 9 November 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Teangacha Oifigiúla

5:00 pm

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 20: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth nach bhfuil dada sna dréacht-rialacháin a chuir sé os comhair na Dála faoi alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, faoi fhógraíocht atá luaite go sonrach san alt; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37019/06]

Photo of Mary UptonMary Upton (Dublin South Central, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 21: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth go bhfuil díolúine iomlán ón dátheangachas sna dréacht-rialacháin maidir le logainmneacha poiblí faoi alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chuir sé os comhair na Dála; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [37020/06]

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 28: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth nach bhfuil dada sna dréacht-rialacháin a chuir sé os comhair na Dála faoi alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, faoi shíneacha tráchta d'ainneoin go bhfuil comharthaí luaite go sonrach san alt; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37018/06]

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 29: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth nach bhfuil gá ann go mbeadh an leagan Gaeilge chomh feiceálach agus chomh hinléite leis an mBéarla ar chomharthaí reatha roimh 2026 sna dréacht-rialacháin a chuir sé os comhair na Dála faoi alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [37022/06]

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 35: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige fáil réidh leis an díolúine ón dátheangachas sna dréacht-rialacháin de bhun alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 maidir le fógairtí taifeadta béil agus le stáiseanóireacht atá le húsáid taobh amuigh den Stát. [36891/06]

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 50: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth go bhfuil díolúine iomlán ón dátheangachas sna dréacht-rialacháin maidir le fógairtí taifeadta béil agus stáiseanóireacht atá le húsáid taobh amuigh den Stát faoi alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chuir sé os comhair na Dála; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [37021/06]

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 55: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige glacadh le spriocdháta réasúnach agus le 2011 ar a dhéanaí, faoi réir na ndréacht-rialachán de bhun alt 9 d' Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. [36892/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 20, 21, 28, 29, 35, 50 agus 55 le chéile.

Mar atá tugtha le fios agam i bhfreagraí ar Cheisteanna sa Teach seo faoin ábhar seo cheana féin, is d'aon ghnó a d'fhoilsigh mé na rialacháin i bhfoirm dréachta le go mbeadh deis ag Teachtaí agus ag Seanadóirí iad a phlé agus moltaí a dhéanamh maidir le leasuithe, más mian leo, sula síním iad.

Tá mé ag súil go mór leis na dréacht-rialacháin a phlé sa Dáil agus sa Seanad go luath agus le moltaí agus tuairimí a fháil. Fáiltím leis roimh thuairimí agus aiseolas chuig mo Roinnse ó eagraíochtaí Gaeilge agus ón phobal i gcoitinne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.