Written answers

Wednesday, 1 November 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Foras na Gaeilge

6:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 509: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén méid de dheontas Fhoras na Gaeilge, bliain ar bhliain, a tugadh ar ais don státchiste agus an ndéanfaidh sé trácht ar an cheist. [35132/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Chomh fada agus a bhaineann sé leis an bhForas Teanga, foilsítear eolas den chineál atá á lorg ag an Teachta sna Meastacháin do Sheirbhísí Phoiblí agus sna Cuntais Leithreasa Iniúchta a leagtar faoi bhraid an Oireachtais i gcomhréir leis an Acht um Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993. Ní fhoilsítear briseadh síos idir Foras na Gaeilge agus Gníomhairecaht na hUltaise.

Mar áis don Teachta, seo a leanas an t-eolas foilsithe a bhaineann leis na blianta 2000-05:

Foras TeangaSolátharCaiteachasFuílleach
000s000s000s
1999£849£847£2
20005,9675,9670
200110,55510,152(3)
200214,00013,883(117)
2003*12,41613,6141,198
200414,63914,260 (379)
200515,17713,720(1,457)
* Cistíocht bhreise curtha ar fáil i rith na bliana.

Tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, go raibh éifeacht diúltach nach beag ar chaiteachas ag fionraíocht na n-institiúidí ó Thuaidh le blianta beaga anuas. Chomh maith leis sin, bhain cuid den easnamh i mblianta áirithe le tograí sonracha nach ndeachaigh ar aghaidh chomh tapaidh agus a bhíothas ag súil leis. Ar ndóigh, in aon chás nach gcaitear an t-airgead atá curtha ar leataobh faoi cheannteideal ar leith den Vóta, athraítear an t-airgead sin go tograí eile laistigh den Vóta nó tugtar ar ais don Státchiste é. Má bhíonn togra curtha ar athló, déantar soláthar eile dó i meastacháin na bliana dar gcionn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.