Written answers
Wednesday, 1 November 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Acht na dTeangacha Oifigiúla
6:00 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 504: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige na dréachtrialacháin a foilsíodh faoi Alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 nó Alt 95 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 a leasú chun a chinntiú go bhfuil ceist na síneacha tráchta clúdaithe acu. [35127/06]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 505: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige na dréachtrialacháin a foilsíodh faoi Alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú chun a chinntiú go bhfuil ceist fógraíochta comhlachtaí poiblí clúdaithe acu. [35128/06]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 506: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige na dréachtrialacháin a foilsíodh faoi Alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú chun a chinntiú go bhfuil ceist lógónna comhlachtaí poiblí clúdaithe acu. [35129/06]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 507: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige na dréachtrialacháin a foilsíodh faoi Alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú chun a chinntiú go bhfuil spriocdháta níos réasúnta ann, ar nós 2011, maidir le comharthaí reatha na gcomhlachtaí poiblí seachas 2026 mar atá luaite. [35130/06]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 508: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige na dréachtrialacháin a foilsíodh faoi Alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú chun a chinntiú go gclúdófar ceist fógraíochta taifeadta béil agus stáiseanóireacht comhlachtaí poiblí a úsáidfear lasmuigh den Stát. [35131/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá sé ar intinn agam Ceisteanna Uimh. 504 go 508, araon san áireamh, a fhreagairt le chéile.
Mar is eol don Teachta, d'fhoilsigh mé dréacht de na rialacháin atá i gceist agam a dhéanamh faoi Alt (9) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le déanaí — Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) 2006. Baineann na rialacháin sin le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla i bhfógairtí béil réamhthaifeadta, ar stáiseanóireacht agus ar chomharthaíocht ag comhlachtaí poiblí.
Is i bhfoirm dréachta a d'fhoilsigh mé na rialacháin sin d'aonghnó i le go mbeadh deis ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí na dréacht-rialacháin a phlé sula síneofar iad agus moltaí a dhéanamh maidir le hathruithe, más mian leo.
Ní miste dom a lua nach bhfuil aon fhreagracht ar mo Roinnse maidir le halt 95 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 a leasú. Baineann sé sin le mo comhghleacaí, an tAire Iompair.
No comments