Written answers
Tuesday, 24 October 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
An Teanga Ghaeilge
9:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 544: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil tuarascáil d'aon sórt faighte aige faoin staidéar teangeolaíoch a bhí dírithe ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ar cuireadh tús leis i mí Aibreáin 2004 chun athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Ghaeltachta. [34562/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tuigtear dom go bhfuil an staidéar a luann an Teachta maidir le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht beagnach críochnaithe. Faoi mar a bhí aontaithe leis na comhairleoirí atá i mbun an togra, tá tuarascálacha eatramhacha, ina bhfuil eolas maidir le dul chun cinn an staidéir go ginearálta, faighte ag mo Roinnse ó thráth go céile mar chuid den phróiseas oibre.
Mar a mhínigh mé don Teach cheana féin, beidh sé riachtanach do mo Roinnse torthaí an staidéir a scrúdú go cúramach nuair a bheidh an obair uile críochnaithe agus ní ghlacfar le aon chinneadh sa chás go dtí go mbeidh an próiseas sin thart.
No comments