Written answers
Tuesday, 24 October 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Fóram na Gaeilge
9:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 543: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta ag Fóram na Gaeilge ó thús na bliana agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34561/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
I gcomhréir leis an róil chomhairleoireachta a tugadh d'Fhóram na Gaeilge ag am a bhunaithe, iarradh agus fuarthas tuairimí ó chomhaltaí an Fhóraim maidir le hinmholtacht phlean straitéiseach 20 bliain a fhorbairt don Ghaeilge mar aon le tosaíochtaí gaolmhara gearr-théarmacha. Mar atá mínithe cheana féin agam don Teach mar fhreagra ar Cheisteanna faoin ábhar seo, tá inmholtacht ráitis shoiléir ón Rialtas i ndáil le ról agus tábhacht na Gaeilge tagtha chun cinn mar ábhar tosaíochta faoi leith. Tá dul chun cinn suntasach déanta le tamall gearr anuas chun an ráiteas sin a thógáil céim chun tosaigh agus tá súil agam a bheith in ann tuilleadh a rá faoi go luath.
Ní miste dom a lua chomh maith gur chas Fóram na Gaeilge le déanaí le mo chomhghleacaí, Nollaig Ó Treasaigh, T.D., Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh agus ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha, chun cúrsaí maidir leis an nGaeilge i gcomhthéacs na hEorpa a phlé.
No comments