Written answers
Wednesday, 1 March 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Cúrsaí Pleanála
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 164: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén líon iarratas ar dheontais do thithe nua a fuarthas ina Roinn ó Ghaeltacht Dhún na nGall i ngach bliain le linn na tréimhse 2000 go 2005 agus cén líon iarratas a ceadaíodh agus a diúltaíodh sa tréimhse chéanna. [8299/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Seo leanas an líon iarratas ar dheontas tógála faoi Achtanna na dTithe, Gaeltacht, 1929-2001 a fuarthas ó iarratasóirí i nDún na nGall i ngach bliain le linn na tréimhse 2000 go 2005. Tá an líon iarratasóirí ar ceadaíodh nó ar diúltaíodh deontas dóibh sa tréimhse chéanna leis seo chomh maith. Ní cheadaítear deontas i gcónaí sa bhliain chéanna agus a dhéantar an t-iarratas.
Bliain | Líon iarratas ar Dheontais tógála a fuarthas | Líon iarratas ar Dheontais tógála a ceadaíodh | Líon iarratas ar Dheontais tógála a diúltaíodh |
2000 | 62 | 31 | 7 |
2001 | 64 | 58 | 2 |
2002 | 40 | 52 | 4 |
2003 | 56 | 46 | 4 |
2004 | 59 | 33 | 5 |
2005 | 81 | 50 | 7 |
No comments