Written answers

Wednesday, 1 March 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Cúrsaí Pleanála

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 164: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén líon iarratas ar dheontais do thithe nua a fuarthas ina Roinn ó Ghaeltacht Dhún na nGall i ngach bliain le linn na tréimhse 2000 go 2005 agus cén líon iarratas a ceadaíodh agus a diúltaíodh sa tréimhse chéanna. [8299/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Seo leanas an líon iarratas ar dheontas tógála faoi Achtanna na dTithe, Gaeltacht, 1929-2001 a fuarthas ó iarratasóirí i nDún na nGall i ngach bliain le linn na tréimhse 2000 go 2005. Tá an líon iarratasóirí ar ceadaíodh nó ar diúltaíodh deontas dóibh sa tréimhse chéanna leis seo chomh maith. Ní cheadaítear deontas i gcónaí sa bhliain chéanna agus a dhéantar an t-iarratas.

Bliain Líon iarratas ar Dheontais tógála a fuarthas Líon iarratas ar Dheontais tógála a ceadaíodh Líon iarratas ar Dheontais tógála a diúltaíodh
2000 62 31 7
2001 64 58 2
2002 40 52 4
2003 56 46 4
2004 59 33 5
2005 81 50 7

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.