Written answers
Tuesday, 28 February 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Cuain agus Céanna
11:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 350: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas déanta chun na Roinne le haghaidh cé d'Inis Bó Finne, Dún na nGall, cén uair a fuarthas an t-iarratas, an bhfuil meastachán déanta i dtaobh costas agus an bhfuil sé beartaithe deontas a cheadú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7908/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Níl aon iarratas faighte ag mo Roinnse ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall ar chúnamh le haghaidh Cé Inis Bó Finne a fhorbairt. Tuigtear, áfach, go bhfuil an chomhairle chontae ag obair ar na ceadúnais reachtúla a fháil i leith na forbartha seo.
Ach iarratas a bheith faighte, déanfar é a mheas i gcomhthéacs an tsoláthair atá ar fáil dom le caitheamh faoi Chlár Oibre na nOileán 2006-07 agus na n-éileamh éagsúil ar an soláthar sin.
No comments