Written answers
Tuesday, 28 February 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Tionscail agus Fostaíocht Gaeltachta
11:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 351: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén líon daoine atá fostaithe i dtionscal a fuair cuidiúóÚdarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht Láir i nDún na nGall agus an bhfuil pleananna ann chun tionscail bhreise a lonnú sa cheantar sin. [7909/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tuigim óÚdarás na Gaeltachta go bhfuil 86 duine fostaithe go lánaimseartha agus 18 duine eile fostaithe go páirtaimseartha i dtionscnaimh a fuair cúnamh óÚdarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht Láir i nDún na nGall.
Mar is eol don Teachta, tá iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag an údarás chun tionscnaimh bhreise a aimsiú don cheantar sin, chomh maith le ceantair Ghaeltachta eile.
No comments