Written answers
Wednesday, 8 February 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Foghlaim na Gaeilge sna Scoileanna
10:00 pm
Eamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 134: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aige moladh a chur faoi bhráid na Roinne Oideachais go ndeanfaí dháábhar den Ghaeilge san Ardteistiméireacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4412/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar a dúirt mé ag díospóireacht phoiblí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le déanaí, bheinnse lán-sásta go ndéanfaí dháábhar den Ghaeilge san Ardteistiméireacht agus go n-ardófaí an moladh seo san idirphlé leanúnach a bhíonn ar siúl idir mo Roinnse agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
Is éard atá i gceist agam ná go mb'fhéidir gurbh fhiú go mbeadh an córas in ann freastal ar dhaltaí ar leibhéil dhifriúla ó thaobh na Gaeilge de trí dhá chúrsa difriúil a bheith ann, ceann amháin dírithe ar fhoghlaim na teanga mar theanga labhartha agus ceann eile dírithe ar an litríocht. Bheinn den tuairim sa chomhthéacs sin go mba chóir go mbeadh cead ag daltaí an dáábhar a dhéanamh, más mian leo.
Tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, gur ceist í seo go príomhá don Aire Oideachais agus Eolaíochta.
No comments