Written answers
Wednesday, 8 February 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Foclóir Béarla-Gaeilge
10:00 pm
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 133: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta leis an bhfoclóir Béarla-Gaeilge ag Foras na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4413/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar a thug me le fios sa fhreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 56 ar 30 Samhain 2005, tá céim a haon den tionscadal seo curtha i gcrích. Tuigim ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil sé i gceist conraitheoir a cheapadh i mbliana do chéim a dó den tionscadal, is é sin, tiomsú agus scríobh an fhoclóra idir an leagan leictreonach agus an leagan clóite de. Meastar gur obair thrí nó ceithre bliana a bheidh i gceist chun céim a dó a chríochnú. Ina dhiaidh sin, beidh an dá leagan den fhoclóir críochnaithe le táirgeadh agus meastar go dtógfaidh an próiseas sin suas le bliain.
No comments