Written answers
Wednesday, 30 November 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Foclóirí Gaeilge agus Béarla
9:00 pm
Joe Costello (Dublin Central, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 56: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain atá súil aige a bheidh an Foclóir Leictreonach Béarla-Gaeilge ullamh ag Foras na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36948/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar a thug mé le fios cheana, tá céim a haon den tionscadal seo críochnaithe.
Tuigim ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil sé mar aidhm acu conraitheoir seachtrach a roghnú le linn 2006 chun tabhairt faoi chéim a dó den tionscadal (is é sin, scríobh agus tiomsú an fhoclóra ina iomláine) tríd an ngnáthphróiseas tairisceana poiblí. Meastar go dtógfaidh sé trí nó ceithre bliana ar an gconraitheoir a roghnófar an obair thiomsaithe seo a chur i gcrích. Déanfar an leagan leictreonach den fhoclóir nua Béarla-Gaeilge a thiomsú agus a scríobh ag an am céanna leis an leagan clóite den fhoclóir.
No comments