Written answers

Wednesday, 30 November 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Íocaíochtaí Deontais

9:00 pm

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 91: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil a fhios aige go ndealraíonn sé a bheith i bhfad níos deacra deontas a fháil ó Údarás na Gaeltachta le haghaidh tionscadail i gcuid na cathrach den Ghaeltacht ná mar a bhíonn sna codanna tuaithe, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37001/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tuigim go bhfuil comhthuiscint agus comhoibriú praiticiúil pragmatach ann ar bhonn leanúnach idir Údarás na Gaeltachta agus na gníomhaireachtaí forbartha eile maidir le tograí gnó agus tionsclaíocha a láimhseáil i mbruachbhailte chathair na Gaillimhe. Mar a thuigfidh an Teachta, níl sé éasca idirdhealú a dhéanamh sna ceantair sin idir tionscail a mheas de réir chritéir Ghaeltachta agus tionscail de chuid an IDA nó Fiontair Éireann, a d'fhéadfadh a bheith lonnaithe in aice láimhe ar shuíomh neamh-Ghaeltachta, a mheas de réir chritéir eile.

Sa chomhthéacs sin, agus ag éirí as cinneadh Rialtais ar 9 Márta 1999, bunaíodh coiste ar a raibh ionadaithe ó mo Roinn féin, mar a bhí, an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, IDA, Fiontraíocht Éireann agus Údarás na Gaeltachta chun athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh maidir le cúrsaí tionscail a fhorbairt laistigh de theorainneacha chathair na Gaillimhe. I gcomhréir le moltaí an choiste sin, tá an tÚdarás ag feidhmiú pholasaí ginearálta faoina gcuirtear cúnamh ar fáil laistigh de limistéir Ghaeltachta na cathrach do mhiontionscail dhúchasacha ó phríomhaithe le Gaeilge, má chomhlíontar coinníollacha teanga agus forbartha an Údaráis. Is ar an IDA-Fiontraíocht Éireann a bhíonn an cúram déileáil le tograí eile sna ceantair chéanna. Ar ndóigh, má tá cás ar leith ar intinn ag an Teachta, bheinn sásta tuilleadh fiosruithe a dhéanamh ina leith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.