Written answers

Wednesday, 30 November 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Oideachas Tríú Leibhéil

9:00 pm

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 84: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil an comhoibriú breise óna chomhghleacaí an tAire Oideachais agus Eolaíochta lena raibh sé ag súil chun ceist an oideachais tríú leibhéil trí Ghaeilge a chur chun cinn tar éis tarlú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36951/05]

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 89: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na hinstitiúidí tríú leibhéil lena bhfuil a Roinn ag obair chun a chinntiú go gcuirfear leis an soláthar sainchúrsaí dírithe ar riachtanais na hearnála poiblí i ndáil le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla. [36950/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 84 agus 89 le chéile.

Mar a thug mé le fios roimhe seo, bunaíodh grúpa oibre idir-ghníomhaireachta don oideachas tríú leibhéil sa Ghaeltacht sa bhliain 2002 faoi chathaoirleacht na Ranna Oideachais agus Eolaíochta le hionadaithe ón Roinn sin, ó mo Roinn féin, ón Údarás um Ard-Oideachas agus ó Údarás na Gaeltachta chun plean forbartha don oideachas tríú leibhéil sa Ghaeltacht, a bhí réitithe ag grúpa ollscoileanna, a mheas.

Cuireadh tuarascáil agus moltaí an ghrúpa faoi mo bhráid agus faoi bhráid an Aire Oideachais agus Eolaíochta anuraidh. Ó mo thaobhse, táim ag breathnú ar na moltaí agus ar na féidearthachtaí agus tig leis an Teachta a bheith cinnte de go mbíonn teagmháil idir mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar bhonn leanúnach.

Mar is eol don Teachta, tá sé leagtha síos mar sprioc ag mo Roinn go bhféachfar le "ceist oideachais tríú leibhéil trí Ghaeilge a chur chun cinn". Ar ndóigh, is faoi chúram an Aire Oideachais agus Eolaíochta go príomha atá an fhreagracht sin. Agus é sin ráite, aithním go bhfuil ceist an oideachais tríú leibhéil mar thosaíocht fíor-thábhachtach do thodhchaí na Gaeilge agus mar riachtanas ar leith ó thaobh chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla de.

Mar atá ráite agam roimhe seo, tá fonn speisialta orm go gcuirfear an cheist seo ar aghaidh agus sa chomhthéacs sin is féidir liom a rá go bhfuil comhoibriú agus tacaíocht iomlán faighte agam ó mo chomhghleacaí, an tAire Oideachais agus Eolaíochta, chun na críche sin.

Maidir leis an gceist faoi sholáthar sainchúrsaí dírithe ar riachtanais na hearnála poiblí i ndáil le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla, mar atá ráite agam roimhe seo, tá mo Roinnse ag obair go dlúth le Foras na Gaeilge, Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí, An Foras Riaracháin agus institiúidí tríú leibhéil chun a chinntiú go gcuirfear le soláthar sainchúrsaí den chineál seo, ar a n-áirítear córas creidiúnaithe do aistritheoirí, córas creidiúnaithe do theagasc na Gaeilge, sainchúrsaí oiliúna Gaeilge, agus bunachar sonraí leictreonach de chomharthaí caighdeánacha. Bhí áthas orm an chéad chomhartha de thoradh dearfach na hoibre sin a aithint le déanaí nuair a sheol mé dhá shainchúrsa atá forbartha ag An Fhoras Riaracháin.

Sa bhreis air sin, mar is eol don Teachta, feidhmíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla ar dhá bhealach. I dtosach báire, tá forálacha ar leith a bhaineann go díreach le gach eagras poiblí. Chomh maith leis sin, tá forálacha ann maidir le scéimeanna reachtúla a chaithfidh gach comhlacht poiblí— institiúidí tríú leibhéil san áireamh — ar iarratas uaimse, mar Aire, a ullmhú agus a aontú. I dtaca leis sin, ní miste a lua go bhfuil scéimeanna ó roinnt institiúidí triú leibhéil i measc na scéimeanna atá daingnithe agam agus foilsithe go dáta. Sa chomhthéacs sin, is féidir liom a rá go bhfuil forbairt sainchúrsaí, agus go deimhin forbairt oideachas tríú leibhéil trí Ghaeilge go ginearálta, ar cheann do na tosaíochtaí atá sonraithe sna scéimeanna sin agus go leanfaidh sé mar thosaíocht ag mo Roinnse agus í ag plé dréacht-scéimeanna le hinstitiúidí tríú leibhéil eile amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.