Written answers

Wednesday, 30 November 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Polasaí Dátheangachais

9:00 pm

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 65: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá aige, más ann, chun tacú leis an togra go ndéanfaí cathair dhátheangach oifigiúil de chathair na Gaillimhe, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37000/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bhí teagmhálacha agam le bainisteoir Chomhairle Cathrach na Gaillimhe níos túisce i mbliana faoin ábhar seo. Ina dhiaidh sin, bhí cruinniú idir oifigigh ó mo Roinnse agus ionadaithe ón gcomhairle cathrach chun féidearthachtaí éagsúla a phlé, agus tá i gceist ag an gcomhairle cathrach teacht ar ais chuig mo Roinnse arís faoin gceist.

Ar ndoigh, bíonn mo Roinn ar fáil chun pé tacaíocht is féidir a thabhairt d'aon tionscnamh oiriúnach a thagann chun cinn chun stádas agus úsáid na Gaeilge a láidriú i gcathair na Gaillimhe. Mar is eol don Teachta, tá tácaíocht á tabhairt ag mo Roinnse cheana féin don togra Gaillimh le Gaeilge agus do Thaidhbhearc na Gaillimhe trí Chiste na Gaeilge. Tá cúnamh ceadaithe agam freisin d'Acadamh na hOllscolaíochta i gColáiste na hOllscoile Gaillimh thar thréimhse trí bliana. Chomh maith leis sin, faigheann Gaelfhorbairt na Gaillimhe tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, atá maoinithe ag mo Roinnse. Tá mé cinnte go gcuidíonn an cúnamh seo uile le cur chun cinn na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.