Written answers

Tuesday, 25 October 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Comharthaí Dátheangacha

9:00 pm

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 442: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé na treoirlínte atá aige maidir le cur i láthair na Gaeilge ar chomharthaí sa Ghaeltacht nó san iarGhaeltacht agus cén tuairim atá aige faoi chomharthaí nuair a bhíonn na focail Ghaeilge orthu níos lú ná na cinn Bhéarla, a ndath níos éadroime agus iad mílitrithe chomh maith. [30728/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá sé de chumhacht agam mar Aire rialacháin a dhéanfar faoi alt 9(1) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chun úsáid na Gaeilge amháin nó an Ghaeilge agus an Bhéarla le chéile a rialú ar fhógairtí béil — cibé beo nó taifeadta — ar stáiseanóireacht, ar chomharthaí agus ar fhógraí.

Mar a thug mé le fios don Teach i bhfreagraí ar cheisteanna phairlaiminte faoin ábhar seo cheana féin, tá mo Roinnse ag obair, i gcomhar le hOifig an Dréachtóra Pharlaiminte, ar dhréacht de na rialacháin a dhéanfar faoin mhír sin den Acht. Chomh maith leis sin, tá comhairle á glacadh ag mo Roinnse le Ranna eile mar ullmhúchán do chur i bhfeidhm na rialachán. Tá dul chun chinn suntasach déanta agus táim dóchasach go mbeidh mé in ann na rialacháin a dhéanamh go gairid le go dtiocfaidh siad i bhfeidhm, ar bhonn chéimiúil, go luath sa bhliain 2006.

Agus na rialacháin sin á ndréachtú, tá béim ar leith á leagan agam ar dhá bhun-phrionsabal. Ar an gcéad dul síos, tá i gceist go mbeidh rogha idir Gaeilge, nó Gaeilge agus Béarla, a úsáid. Ní bheidh an tríú rogha — Béarla amháin — dlíthiúil níos mó. An dara rud ná go gcaithfidh an Ghaeilge a bheith ar a laghad ar chomh-thaispeántacht leis an mBéarla ar aon chomhartha sa chás go roghnófar an dá theanga oifigiúil a úsáid.

I dtaca le comharthaíocht sa Ghaeltacht, ní miste liom a lua chomh maith go ndearna mé Órdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004 i leith logainmneacha i limistéir Ghaeltachta a tháinig i bhfeidhm ar 28 Márta 2005. Ciallaíonn an t-ordú seo nach ceadmhach ach an leagan Gaeilge de logainmneacha Gaeltachta a úsáid ar chomharthaí bóthair agus sráide ón dáta sin ar aghaidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.