Written answers

Tuesday, 25 October 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Calafoirt agus Céanna

9:00 pm

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 441: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an dtuigeann sé an imní atá ann i measc an phobail i dtaobh forbairtí atá á bplé maidir leis anmBlascaod Mór i gContae Chiarraí agus an baol a bheadh ann le cé níos faide go ligfí francaigh isteach san oileán chun dúlra eile, uibheacha éan go mórmhór a scriosadh. [30727/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is ar an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus ar Oifig na nOibreacha Poiblí atá an phríomh-fhreagracht maidir le togra an Bhlascaoid agus, tríd is tríd, baineann ábhar na ceiste seo leo. Ní bheidh freagracht ar mo Roinnse ach i ndáil le cur i bhfeidhm na n-oibreacha mara atá beartaithe i nDún Chaoin agus ar an oileán féin.

Mar áis don Teachta, áfach, tuigtear dom ó Oifig na nOibreacha Poiblí gur tugadh deis fhairsing don phobal saincheisteanna mar atá luaite ag an Teachta a ardú sa phróiseas comhchomhairle don staidéar féidearthachta maidir le forbairt na gcéanna. Tuigim freisin go bhfuil sé mar sprioc faoin bplean bainistíochta don Bhlascaod Mór rochtain go dtí an oileán a cheansú chun dúlra agus timpeallacht an oileáin a chosaint. Tuigim chomh maith ó Oifig na nOibreacha Poiblí go mbeidh teorainn leis an méid báid a ligfear i dtír ar an oileán agus gur cheist bainistíochta í toirmeasc a chur ar francaigh agus creimirí eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.