Written answers

Thursday, 13 October 2005

Department of Education and Science

Foireann Scoile

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 168: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an eol di nach bhfuil i scoil náisiúnta i nDún na nGall (sonraí tugtha) ach múinteoir amháin agus an gceadófar cúntóir ranga a cheapadh láithreach i gcomhair an chuid eile den scoilbhliain reatha. [28516/05]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Socraítear líon foirne bunscoile de réir an líon daltaí ar an rolla ar 30ú Meán Fómhair na scoilbhliana roimhe sin. Tá sé seo i gcomhréir le treoirlínte a aontaíodh idir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus na páirtithe oideachais.

Is dócha gur eol duit go leagtar amach an sceideal foirne i gciorclán a sheolann mo Roinn chuig na bunscoileanna go léir gach bliain.

Chun trédhearcacht agus oscailteacht sa chóras a dheimhniú tá bord achomhairc neamhspleách anois ann chun achomhairc i dtaobh foireann príomhshrutha a bhreithniú.

Rinne an bord achomhairc breithniú arfhoireann na scoile don scoilbhliain 2005-06 ar 14ú Meitheamh 2005 agus diúltaíodh don achomharc.

Tuigim gur cuireadh cinneadh an bhord achomhairc in iúl do bhord bainistíochta na scoile ar 15ú Meitheamh 2005.

Níl dul thar bhreith an bhord achomhairc. Táim cinnte go dtuigfidh an Teachta nár chóír dhomsa idirghábháil a dhéanamh maidir le breith bhord achomhairc neamhspleách.

Ba mhaith leis an Teachta a nótáil, ar ndóigh, go bhfuil na riachtanais foirne maidir le scoileanna aon-oide, go ginearálta, á n-athbhreithniú faoi láthair sa Roinn. Má tharlaíonn athrú ar bith ar na heagair reatha, cuirfidh an Roinn a leithéid in iúl do na scoileanna ábhartha in am tráth.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.