Written answers

Wednesday, 5 October 2005

Department of Education and Science

Leibhéil Leitheoireachta

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 307: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cad é polasaí a Roinne maidir le múineadh na léitheoireachta go ginearálta agus múineadh léitheoireacht na Gaelige agus léitheoireacht an Bhéarla as a chéile i scoileanna Gaeltachta agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [26946/05]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá polasaí na Roinne i leith na léitheoireachta bunaithe ar a bhfuil ráite i gCuraclam na Bunscoile (1999). I gcás na Gaeilge agus an Bhéarla, cé go n-aithnítear tábhacht príomhá na héisteachta agus an labhartha, aithnítear gur scil ríthábhachtach í an léitheoireacht, eochair a osclaíonn doras don leanbh i dtreo na scéalaíochta, i dtreo na samhlaíochta agus i dtreo an eolais ar fad atá sna leabhair, in irisí agus ar láthreáin ghréasáin.

Moltar sa churaclam go mbeadh bunús maith faoi thuiscint agus faoi labhairt na teanga sula dtosófaí ar í a léamh nó í a scríobh go foirmiúil. Aithnítear freisin gur féidir agus gur gá an-chuid cleachtaí réamhléitheoireachta a dhéanamh chomh maith, ón gcéad lá a théann an leanbh ar scoil, fiú. Is é atá i gceist ná cumas tuisceana agus labhartha an linbh a fhorbairt, leabhair le pictiúir mhealltacha a thaispeáint don dalta, scéalta a léamh as leabhair don rang, an ceangal idir focal ar an bhfalla nó ar an gclár dubh agus an rud féin a mhíniú, cluichí meaitseála agus mórán eile. Ach an méid sin a bheith déanta, ba chóir go gcuirfí tús leis an léitheoireacht fhoirmiúil sna naíonáin shinsearacha.

Ní mór idir léitheoireacht na Gaeilge agus léitheoireacht an Bhéarla a mhúineadh i ngach scoil. Is cóir plean cuimsitheach don litearthacht bheith i ngach scoil agus fearas cuí chun í a mhúineadh. Toisc gur casta coimpléascach an scil í, moltar sa churaclam nach dtosófaí ar an léitheoireacht fhoirmiúil sa dá theanga ag an am ceanann céanna i scoil Ghaeltachta. Braitheann cé acu teanga lena dtosófar ar ghnáth-theanga na scoile agus an teaghlaigh. Sa Ghaeltacht, má bhíonn cumas ard Gaeilge ag na páistí, bheifí ag súil go dtosófaí le teagasc léitheoireacht na Gaeilge, ach is faoi bhainistíocht agus foireann na scoile atá sé cúinsí ar leith na scoile a mheas agus cinneadh a dhéanamh. Tuigtear go dtarlaíonn traschur áirithe scileanna ó léitheoireacht i dteanga amháin go léitheoireacht i dteanga eile, fiú má tá difríochtaí eatarthu freisin.

Uaidh sin ar aghaidh ba chóir go ndéanfaí léitheoireacht sa dá theanga a fhorbairt chomh fada agus a thagann le cumas na leanaí. I ngeall ar an gcumas breise Gaeilge i scoil Ghaeltachta ba chóir réimse leathan leabhar leabharlainne bheith ar fáil chun spéis agus samhlaíocht na leanaí a shásamh. Ina leith sin cloisim an-mholadh ar 'Séideán Sí' a chuir an Roinn ar fáil ina ghálaí le blianta anuas. Ina theannta sin, ba mhaith liom an obair atá déanta ag gasraí múinteoirí sna Gaeltachtaí chun ábhar léitheoireachta breise in oiriúint do thimpeallacht teanga na scoile a chur ar fáil.

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta i mbun comhairle a ullmhú d'fhonn tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lánGhaeilge maidir le tús a chur le múineadh na léitheoireachta sa dá theanga. Níl aon cheist mar gheall ar an tábhacht a ghabhann le léitheoireacht an Bhéarla a fhorbairt go dtí an leibhéal is airde is féidir in aon scoil, agus ní taise don scoil Ghaeltachta é, i ngeall ar a riachtanaí atá sí chun eolas a aimsiú, chun deiseanna oideachais a thapú agus páirt iomlán a ghlacadh i gcultúr idirnáisiúnta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.