Written answers

Wednesday, 5 October 2005

Department of Education and Science

Stádas Míbhuntáiste

9:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 305: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth nach bhfuil stádas míbhuntáiste tugtha do Ghaelscoil Inse Chóir, Baile Átha Cliath, in ainneoin go bhfuil a leithéid de stádas ag gach uile scoil eile sa cheantar agus ag gach uile scoil a bhfuil an líon sin páistí ag freastal uirthi a thagann ó cheantair atá aitheanta ag gach uile rannóg eile Stáit mar cheantair mhíbhuntáiste. [26926/05]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 306: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cad iad na bearta a dhéanfaidh sí chun an éagóir atá á himirt ar Ghaelscoil Inse Chóir, Baile Átha Cliath, i dtaca leis na hacmhainní nach bhfaigheann an scoil de thairbhe an stádas míbhuntáiste a bheith diúltaithe di, a chur ina cheart. [26927/05]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh me Ceisteanna Uimh. 305 agus 306 le chéile.

Seoladh an clár "Giving Children an Even Break" sa bhliain 2001 agus tá sé ann anois in ionad an phróisis a bhí i bhfeidhm cheana ina ndearnadh scoileanna a shainiú chun réigiúin um mhíbhuntáiste oideachasúil a fhreastal. Tá an cur chuige sa Roinn anois níos foirfe chun a dheimhniú go dtabharfar aire ar leith do na daltaí úd atá "faoi bhaol". Seachas an seanmhodh, ina ndearnadh scoileanna sa bhreis a shainiú, is é atá i gceist sa scéim seo ná go soláthróidh an Roinn an tacaíocht a bheidh comhthomhaiseach leis an líon daltaí sna scoileanna ar a bhfuil saintréithe um mhíbhuntáiste oideachasúil mar aon le luathfhágáil scoile ag baint leo. Rinneadh maoiniú €4000, go hachomair, a chaitheamh ar an scoil atá i gceist ag an Teachta faoin scéim seo ó cuireadh ar bun í sa bhliain 2001.

An plean gníomhach don chuimsiú oideachasúil dar teideal DEIS, Comhíonannas Deiseanna a Sholáthar i Scoileanna, a sheol mé ar 30 Bealtaine, déanfar é a chur ar bun ar bhonn céimiúil — ag tosú sa bhliain reatha — agus beidh sé mar aidhm aige a dheimhniú go dtabharfar tús áite do riachtanais oideachasúla leanaí agus daoine óga, ó réamhscoil go dtí oideachas dara leibhéil uachtarach — trí go dtí 18 bliain d'aois — a thiocfaidh as comhphobail mhíbhuntáisteacha agus go ndéanfar déileáil leo go héifeachtach. An plean nua seo, is iarbheart é as an chéad athbhreithniú iomlán de na cláir uile chun déileáil le míbhuntáiste oideachasúil a cuireadh ar bun thar an 20 bliain a ghabh tharainn agus beidh sé i gceist €40 milliún sa bhreis a infheistiú ann gach aon bhliain tráth é a bheith ag feidhmiú go hiomlán. Beidh sé i gceist, freisin, 300 post sa bhreis a bhunú thar an earnáil oideachais go ginearálta.

Córas caighdeánach a lonnú, chun leibhéil mhíbhuntáiste a shainaithint i mbunscoileanna agus i scoileanna dara leibhéil, eochairbhall é sin den nuaphlean gníomhach agus beidh sé mar thoradh aige acmhainní a dháileadh níos fearr orthu san is mó riachtanas. Na próisis a bhaineann le sainaithint agus le hanailís, déanfar bainistíocht orthu ag an ERC ar son na Roinne. Mar thoradh ar phróiseas na sainaitheanta, déanfar 600 bunscoil, go hachomair, a chuimsiú i nuachlár tacaíochta scoileanna agus orthu siúd áireofar 300 scoil uirbeach nó baile, 300 scoil thuathúil agus 150 scoil dara leibhéil. Beidh an clár sin freagrach as roinnt idirghabhálacha do scoileanna agus do mheithil scoileanna nó chomhphobail a bhailiú le chéile agus a fhorbairt. Tá a leithéid d'eagar ann faoi láthair sna scoileanna a bhfuil leibhéal tiubhaithe de mhíbhuntáiste oideachasúil ag baint leo.

Tuigtear go mbeimis in ann, tráth dheireadh na bliana, na scoileanna rannpháirteacha a chur ar an eolas faoin toradh a bheidh leis an bpróiseas sainaitheanta atá ar siúl faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.