Written answers
Wednesday, 5 October 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Creimeadh Cósta
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 268: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas faighte ina Roinn le haghaidh deontais do bhalla cosanta ag Baile na Trá, Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall, a briseadh le linn stoirm an gheimhridh seo caite agus an gceadóidh sé an deontas gan mhoill. [26945/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tuigtear dom gurb é Trá an tSéipéil seachas Baile na Trá is ábhar do cheist an Teachta.
I mí Iúil na bliana seo, cheadaigh mé deontas €3,500, nó 50% den chostas, do Chomhairle Chontae Dhún na nGall faoi Chlár Oibre na nOileán 2005-06 chun an cósta ag Trá an tSéipéil, Oileán Árainn Mhóir, a chosaint.
No comments