Written answers

Wednesday, 5 October 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

9:00 pm

Tony Gregory (Dublin Central, Independent)
Link to this: Individually | In context

Question 266: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain atá sé i gceist aige rialacháin a dhéanamh faoi Alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 lena chinntiú go mbeidh foirmeacha dátheangacha ar fáil don phobal ó chomhlachtaí poiblí mar ghnáthnós agus go mbeidh comharthaí a gcaitear airgead poiblí orthu dátheangach mar ghnáthnós faoi mar a tharlaíonn i dtíortha dátheangacha eile; má tá moill ar fhoilsiú na rialachán seo toisc moille in Oifig an Ard-Aighne, cén fáth nach lorgaíonn an tAire comhairle ina dtaobh ó abhcóide sinsir. [26930/05]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 267: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain atá sé i gceist aige rialacháin a dhéanamh faoi Alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 lena chinntiú go mbeidh foirmeacha dátheangacha ar fáil don phobal ó chomhlachtaí poiblí mar ghnáthnós agus go mbeidh comharthaí a gcaitear airgead poiblí orthu dátheangach mar ghnáthnós faoi mar a tharlaíonn i dtíortha dátheangacha eile; má tá moill ar fhoilsiú na rialachán seo toisc moille in Oifig an Ard-Aighne, cén fáth nach lorgaíonn an tAire comhairle ina dtaobh ó abhcóide sinsir. [26944/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 266 agus 267 le chéile.

Tá mo Roinnse ag obair, i gcomhar le hOifig an Dréachtóro Parlaiminte, ar dhréacht de na rialacháin a dhéanfar faoi alt 9(1) d'Acht na dTeangacha Oigigiúla 2003. Tuigfidh na Teachtaí nach mór do mo Roinnse, mar chuid lárnach den phróiseas, dul i gcomhairle le Ranna eile maidir leis an ábhar seo sula gcuirfidh mé na rialacháin i bhfeidhm. Mar a mhínigh mé roimhe seo, is rialacháin cuimsitheacha a bhaineann le hábhair éagsúla atá i gceist agus, dá réir sin, níor theastaigh uaim teorainn ama shonrach a chur leis an bpróiseas comhchomhairle seo. An méid sin ráite, is féidir liom á chur in iúl do na Teachtaí go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir leis na dréacht-rialacháin seo agus go bhfuilim dóchasach go mbeidh siad déanta agam go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.