Written answers
Wednesday, 29 June 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Irish Language
10:00 pm
Joe Costello (Dublin Central, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 30: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta go bhfuil an t-easaontas a bhí ann idir Foras na Gaeilge agus na heagrais dheonacha leigheasta anois; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [22574/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil dea-chaidreamh acu leis na heagrais deonacha agus go bhfuiltear ag comhoibriú leo ar bhonn páirtnéireachta. Cuireann an foras bunmhaoiniú ar fáil do 17 eagras, idir eagrais Ghaeilge agus eagrais oideachasúla, bunaithe ar chlár oibre bliantúil a bhíonn aontaithe ag an bhforas le gach eagras ar leith.
Tá Foras na Gaeilge ag cur próiseas nua i bhfeidhm leis na heagrais seo maidir le hiarratais ar bhunmhaoiniú agus éilimh ar íocaíochtaí. Tuigtear dom go raibh cruinniú le ceannairí na n-eagras atáá maoiniú ag an bhforas ar 1 Meitheamh chun an próiseas nua seo a phlé agus go bhfuil cruinniú eile socruithe le haghaidh mí Mheán Fómhair d'fhonn an córas measúnaithe a aontú idir na grúpaí ar fad.
No comments