Written answers

Wednesday, 29 June 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Accuracy of Placenames

10:00 pm

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 27: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén ról atá aige nó ag a Roinn i gcaighdeánú litriú agus chur i láthair logainmneacha agus ainmneacha sráide agus an gcuirfidh sé smacht air seo chun an ruaig a chur ar dhrochlitriú. [22731/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Cuireann brainse logainmneacha mo Roinnse comhairle ar fáil d'údaráis áitiúla agus do chomhlachtaí poiblí eile maidir le leaganacha údarásacha de logainmneacha na tíre. Bíonn an brainse sásta i gcónaí— ar mhaithe le mí-litriú a sheachaint — comhairle a thabhairt do na páirtithe sin nuair a bhíonn comharthaíocht nua á cur ar fáil acu. Ar ndóigh, tá ról comhairleach an bhrainse luaite go sonrach i dtreoir ón Roinn Iompair maidir le comharthaíocht bóithre.

Mar is eol don Teachta, tugann Cuid 5 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 cumhacht don Aire an leagan Gaeilge de logainm a dhearbhú le hordú logainmneacha, tar éis comhairle a fháil ón gCoimisiún Logainmneacha agus an chomhairle sin a bhreithniú. Tá naoi n-ordú logainmneacha déanta faoi fhorálacha an Achta go dtí seo a dhearbhaíonn leaganacha Gaeilge ainmneacha na gcontaetha agus na gcontaetha riaracháin, na logainmneacha riaracháin i sé chontae ar leith agus sna ceantair Ghaeltachta, agus ainmneacha na lár-ionad daonra.

Anuas ar sin, tá an brainse logainmneacha i mbun togra i gcomhar le Suirbhéireacht Ordanáis Éireann agus leis na húdaráis áitiúla chun leaganacha údarásacha Gaeilge d'ainmneacha sráideanna i gceantair riaracháin na n-údarás áitiúla éagsúla a chur ar fáil. Tá an chéad toradh den chomh-thogra seo le fáil sa leabhrán Sráidainmneacha Bhaile Átha Cliath, a d'fhoilsigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath anuraidh. Táthar ag súil leis go mbeidh an taighde déanta sa chuid eile den tír agus na torthaí ar fáil taobh istigh de thréimhse dhá bhliain.

Táim dóchasach go gcabhróidh an obair seo go léir le húdaráis áitiúla agus comhlachtaí poiblí eile chun a chinntiú go mbeidh litriú ceart agus leaganacha cearta de logainmneacha agus sráidainmneacha á n-úsáid ar chomharthaíocht dá gcuid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.