Written answers
Wednesday, 29 June 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Accuracy of Placenames
10:00 pm
Trevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context
Question 27: To ask the Aire Gnóthaà Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén ról atá aige nó ag a Roinn i gcaighdeánú litriú agus chur i láthair logainmneacha agus ainmneacha sráide agus an gcuirfidh sé smacht air seo chun an ruaig a chur ar dhrochlitriú. [22731/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Cuireann brainse logainmneacha mo Roinnse comhairle ar fáil d'údaráis áitiúla agus do chomhlachtaà poiblà eile maidir le leaganacha údarásacha de logainmneacha na tÃre. BÃonn an brainse sásta i gcónaÃâ ar mhaithe le mÃ-litriú a sheachaint â comhairle a thabhairt do na páirtithe sin nuair a bhÃonn comharthaÃocht nua á cur ar fáil acu. Ar ndóigh, tá ról comhairleach an bhrainse luaite go sonrach i dtreoir ón Roinn Iompair maidir le comharthaÃocht bóithre.
Mar is eol don Teachta, tugann Cuid 5 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 cumhacht don Aire an leagan Gaeilge de logainm a dhearbhú le hordú logainmneacha, tar éis comhairle a fháil ón gCoimisiún Logainmneacha agus an chomhairle sin a bhreithniú. Tá naoi n-ordú logainmneacha déanta faoi fhorálacha an Achta go dtà seo a dhearbhaÃonn leaganacha Gaeilge ainmneacha na gcontaetha agus na gcontaetha riaracháin, na logainmneacha riaracháin i sé chontae ar leith agus sna ceantair Ghaeltachta, agus ainmneacha na lár-ionad daonra.
Anuas ar sin, tá an brainse logainmneacha i mbun togra i gcomhar le Suirbhéireacht Ordanáis Ãireann agus leis na húdaráis áitiúla chun leaganacha údarásacha Gaeilge d'ainmneacha sráideanna i gceantair riaracháin na n-údarás áitiúla éagsúla a chur ar fáil. Tá an chéad toradh den chomh-thogra seo le fáil sa leabhrán Sráidainmneacha Bhaile Ãtha Cliath, a d'fhoilsigh Comhairle Cathrach Bhaile Ãtha Cliath anuraidh. Táthar ag súil leis go mbeidh an taighde déanta sa chuid eile den tÃr agus na torthaà ar fáil taobh istigh de thréimhse dhá bhliain.
Táim dóchasach go gcabhróidh an obair seo go léir le húdaráis áitiúla agus comhlachtaà poiblà eile chun a chinntiú go mbeidh litriú ceart agus leaganacha cearta de logainmneacha agus sráidainmneacha á n-úsáid ar chomharthaÃocht dá gcuid.
No comments