Written answers

Tuesday, 14 June 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Departmental Correspondence

9:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 510: To ask the Community, Rural and Gaeltacht Affairs cén fáth nach bhfuair duine ó Chontae Phort Láirge aon fhreagra ar litir chláraithe a sheol sé chuig an Roinn ar an 16 Aibreán 2005 (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [19067/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Nuair a fuarthas an litir atá luaite ag an Teachta, rinneadh cinneadh déileáil léi faoin Acht um Shaoráil Faisnéise de bharr an méid sonraíochta sonraíochtaí phearsanta ach go háirithe a bhíá lorg aige. Faoi mar is eol don Teachta, ní foláir, tá an duine a scríobh an litir ag lorg sonraí maidir le réimse leathan deontas deontais do dhaoine príobháideacha san áireamh — a íocadh ó mo Roinnse i nGaeltacht Phort Láirge faoi 5 scéimeanna éagsúla ó 1979 ar leith.

Tar éis tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar an gceist, áfach, meastar nach féidir cás a shuíomh don ionchur acmhainní a bheadh riachtanach chun teacht ar an eolas atá iarrtha do thréimhsí chomh fada siar le 1979, go háirithe nuair nach bhfuil taifid ar fáil ar chórais ríomhaireachta mo Roinne do na blianta sin uile. Tá mo Roinn ag scríobh chuig an iarratasóir ar an mbonn sin. Bheifí sásta, ar ndóigh, faisnéis ghinearálta statisticiúil a chur ar fáil dó, nó faisnéis maidir leis na coinníollacha a bhaineann le scéimeanna ar leith, ach a bheith cinnte go mbeadh eolas dá leithéid fónta dó.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.