Written answers

Thursday, 19 May 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Acht na dTeangacha Oifigiúla

5:00 pm

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 43: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén tuairim atá aige i dtaobh chomhlachtaí (sonraí tugtha) atá ag sárú Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an bhfuil plean aige féachaint chuige go bhfuil na hacmhainní ag an gCoimisinéir Teanga chun dul i ngleic leo. [16534/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tuigfidh an Teachta, ár ndóigh, gur ar Bhord Bainistíochta chomhlachta phoiblí atá an fhreagracht a chinntiú go bhfeidhmítear de réir dea-chleachtais stiúrtha corparáideach taobh istigh den eagraíocht agus go gcloítear le dualgais reachtúla. Anuas ar sin, tá freagracht ar leith ag leibhéal faireacháin ar an Roinn Stáit a urraíonn an comhlacht.

Is é an ról atá ag an gCoimisinéir Teanga ná plé le gearáin agus faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Achta. Ag cur san áireamh nach bhfuil forálacha iomlána an Achta i bhfeidhm go fóill, agus gur i rith na bliana seo a bheidh an chéad 25 scéim ó chomhlachtaí poiblí ag teacht i bhfeidhm, táim sásta ag an bpointe seo go bhfuil dóthain acmhainní ar fáil d'Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla chun go mbeidh ar chumas an Choimisinéara a dhualgais reachtúla a chomhlíonadh go héifeachtach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.