Written answers

Thursday, 19 May 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Scéim Labhairt na Gaeilge

5:00 pm

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 42: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén céatadán de na teaghlaigh a chuir isteach ar dheontas faoi Scéim Labhairt na Gaeilge i gceantar Ros Goill i mbliana a fuair deontas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16638/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl torthaí na scoilbhliana 2004/05 don cheantar seo ar fáil go fóill ach cuirfidh mo Roinn an t-eolas cuí ar aghaidh chuig an Teachta chomh luath agus a bhíonn sé ar fáil.

San idirlinn, leagtar amach sa Tábla leis seo líon na dteaghlach i gceantar Ros Goill a rinne iarratas agus an toradh a bhí ar na hiarratais sin le cúig bliana anuas. Tá líon na dteaghlach a rinne iarratas faoin scéim ardaithe ó 33 i 1999/2000 go 40 i 2003/2004 agus an líon a thuill deontais — idir deontais iomlána agus deontais laghdaithe — méadaithe ó 7 dteaghlach go 29 sa tréimhse chéanna.

Tábla: Ceantar Ros Goill (comhdhéanta do T.R.C. Ros Goill agus Charraig Airt).
Scoilbhliain Líon Iarratais Thuill Deontas Iomlán Thuill Deontas Laghdaithe Diúltaithe
2003/04 40 2 27 11
2002/03 31 2 14 15
2001/02 33 1 12 20
2000/01 23 1 12 10
1999/00 33 1 6 26

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.